Scoil Gaeilge Vancouver (Irish School Vancouver)

Gaeilge: The Irish Language.

 

 

 

 img_2697ed.jpg

 

img_2700.JPG   img_2701ed.jpg

 

Breis is 100 duine ag Tráth na gCeist i Vancouver, Ceanada

 

D’fhreastail breis is 100 duine ar “Tráth na gCeist” a reachtáil Scoil Ghaeilge Vancouver ar 19ú Márta ag Tom Lee Music Hall i Vancouver, Ceanada.  Is mar chuid d’imeachtaí Celticfest Vancouver a cuireadh an ócáid seo ar siúl.

 

“Do hiarradh orm ócáid a shocrú don Celticfest Vancouver le haghaidh sheachtain La Fhéile Pádraig. Ni dhearna an coiste ócáid Ghaeilge i Vancouver cheana agus bhí siad ag iarraidh scéal nua a chur sa

sceideal i mbliana de thoradh fás Scoil Gaeilge Vancouver le blianta beaga anuas,” arsa Conchúr Ó Reilly, múinteoir Gaeilge de chuid Scoil Ghaeilge Vancouver.  “Leis sin, thosaigh mé ag ullmhú Tráth na gCeistagus faoi dheireadh tháinig timpeall céad duine agus de réir dealraimh, ba í an ócáid is mó in iarthar Ceanada riamh, agus tá seans gurb é an Trath na gCeist is mó lasmuigh d’Éirinn freisin. Bheinn an-bhródúil as, más fírinne ata ann.” “Nuair a dúirt Conchúr liom cad a bhí i gceist aige,” arsa Scott Oser, múinteoir eile, “cheapas go n-éireodh linn dá dtiocfadh fiche duine. Dhein Conchúr éacht chun daoine a mhealladh isteach, duaiseanna a lorg ósna tithe tábhairne agus siopaí Éireannacha sa chathair, agus na himeachtaí go léir a stiúradh.” 

Is iad múinteoirí Scoil Ghaeilge Vancouver, Conchúr, Scott, agus Síle Ní Chéidigh, a d’eagraigh an ócáid.  Bhí aon fhoireann déag sa chomórtas, agus cuireadh gach ceist faoi dhó, ar dtús i nGaeilge ansin arís i mBéarla.  Má bhí an freagra ceart ag foireann i ndiaidh an leagan Gaeilge, bronnadh 20 pointe uirthi.  B’fhiú 10 bpointe aon

fhreagra ceart a tháinig i ndiaidh an leagan Béarla.  Éagsúlacht ábhar a bhí sna ceisteanna, idir stair na hÉireann is stair Cheanada, ceol, cúrsaí reatha, spóirt, srl.

 

“Ceann desna gnéithe is deise den chomórtas ná an tslí a bhí ar na himreoirí oibriú le chéile chun teacht suas leis na freagraí.  Uaireanta bhí daoine áirithe ar na foirne le neart Gaeilge acu, ach is ag daoine eile a bhí na freagraí.  Agus bhí ceisteanna ann a bhí deacair d’Éireannaigh ach simplí go leor do Cheanadaigh.  Ní nach ionadh go

raibh an bua ag foireann a raibh idir Cheanadaigh agus Éireannaigh uirthi,” arsa Oser.

 

Reachtálann Scoil Ghaeilge Vancouver bunrang and meánrang Gaeilge gach seachtain, mar aon le Ciorcal Comhrá do dhaoine le cumas Maith labhartha.  Tá sé mar aidhm ag an Scoil achmhainní agus deiseanna a

chur ar fáil d’imircigh ó Éirinn agus do Cheanadaigh araon Gaeilge d’fhoghlaim agus a úsáid chomh fada agus is féidir.

 

 

Chun a thuilleadh eolais d’fháil téir i dteagmháil le Conchúr Ó Reilly

(gimmesheltercor@hotmail.com) nó Scott Oser (oser@phas.ubc.ca).

 

————————————————————————

More than 100 people at “Tráth na gCeist” i Vancouver, Canada

 

More than 100 people attended “Tráth na gCeist”, a trivia contest held in Irish, organized by Scoil Ghaeilge Vancouver on March 19 at Tom Lee Music Hall in Vancouver, Canada.  The event was put on as part of the activities of Celticfest Vancouver.

 

“I was asked to arrange an event for Celticfest Vancouver for the week of St. Patrick’s Day.  Their committee had not done an Irisih language event in Vancouver previously and they wanted to put something new in

the schedule this year as a result of the growth of Scoil Ghaeilge Vancouver in the past few years,” said Conor O’Reilly, an Irish teacher at Scoil Ghaeilge Vancouver.  “So I began preparing `Tráth na gCeist’ and in the end around 100 people came and it seems that this was the biggest Irish language event in western Canada ever, and maybe it was the biggest `Tráth na gCeist’ ever outside of Ireland as well.  I would be very proud if that’s really the case.”

 

“When Conor told me what he had in mind,” said Scott Oser, one of the other teachers, “I thought we’d be successful if 20 people came. Conor did a great feat to coax people to come, to set prizes from the

Irish taverns and shops in the city, and to organize all of the happenings.”

 

The event was organized by the teachers of Scoil Ghaeilge Vancouver: Conor, Scott, and Síle Ní Chéidigh.  There were 11 teams in the competition, and each question was asked twice, first in Irish and then again in English.  If a team had the right answer after the Irish version, it received 20 points.  A correct answer given after hearing the English version of the question was worth 10 points.  The questions covered a variety of topics, including Irish and Canadian history, music, current events, sports, etc.

 

“One of the nicest aspects of the competition was the way that the players had to work together to come up with the answers.  Sometimes certain people on the teams had a lot of Irish, but other people had the answers.  And there were questions that were hard for Irish people that were easy for Canadians.  It’s no wonder that the winning team had both Irish and Canadian members,” said Oser.

 

Scoil Ghaeilge Vancouver runs basic and intermediate Irish classes each week, along with a conversation circle for people with good speaking ability.  The school aims to make resources and opportunities available to Irish immigrants and to Canadians for learning Irish and for using it as much as they can.

 

For more information contact Conor Ó Reilly

(gimmesheltercor@hotmail.com) or Scott Oser (oser@phas.ubc.ca).